68 Ach shéan seisean é, á rá, “Níl fhios agam agus ní thuigim cad é atá i do cheann.” Agus d'imigh sé leis go dtí an geata.
69 Agus chonaic an cailín é, agus thosaigh sí ar a rá lena raibh ina seasamh thart, “Is duine acu é an fear seo”.
70 Ach shéan sé an dara huair é. Agus tamall beag eile ina dhiaidh sin, dúirt an dream a bhí ina seasamh thart le Peadar, “Níl amhras ar bith ann ná gur duine acu tú; mar is Galailéach tú.”
71 Ach thosaigh sé ar a chur féin faoi mhallacht agus ar mhionnú, “Ní aithnid dom an fear sin a bhfuil sibh ag caint faoi.”
72 Agus ba san nóiméad sin a ghlaoigh an coileach an dara huair. Agus chuimhnigh Peadar ar a ndúirt Íosa leis, “Sula nglaonn an coileach faoi dhó, séanfaidh tusa faoi thrí mé.” Agus bhris an gol air.