8 Tá an méid ab fhéidir léi a dhéanamh déanta aici; is é rud, is amhlaidh atá sí tar éis mé a ungadh roimh ré le haghaidh m'adhlactha.
9 Agus deirim libh i bhfírinne, níl áit a mbeidh an soiscéal á chraobhscaoileadh ar fud an domhain uile, nach n‑inseofar a bhfuil déanta aici le cuimhne a choinneáil uirthi.”
10 Ba ansin a chuaigh Iúdás Iscariót, duine den dáréag, chuig na hardsagairt chun go ndéanfadh sé é a bhrath leo.
11 Agus nuair a chuala siad faoi bhí lúcháir orthu, agus gheall siad airgead a thabhairt dó. Agus bhí sé ag faire na faille lena bhrath.
12 Agus an chéad lá de laethanta an Aráin gan Laibhín, nuair a bhítí ag íobairt uan na cásca, d'fhiafraigh a dheisceabail de, “Cá háit ar mhaith leat sinn a dhul ann le hullmhú duit chun go n‑ithe tú an cháisc?”
13 Agus chuir sé beirt dá dheisceabail uaidh, agus dúirt sé leo, “Gabhaigí isteach sa chathair, agus casfar oraibh fear agus é ag iompar searróg uisce; leanaigí é.
14 Agus abraigí le fear an tí a dtéann sé isteach ann, ‘Is é rud a deir an tOide leat, Cá bhfuil an seomra aíochta atá le bheith agam go n‑íosfaidh mé an cháisc ann, mise agus mo chuid dheisceabal?’