1 Agus le bánú na maidine chuaigh na hardsagairt agus na seanóirí agus na scríobhaithe, agus na comhairleoirí uile leo, i ndáil chomhairle: agus cheangail siad Íosa agus thug siad ar shiúl é agus thug siad ar láimh do Phíoláid é.
2 Agus d'fhiafraigh Píoláid de, “An tú Rí na nGiúdach?” Agus ba é a fhreagra air, “Is tú a dúirt é.”
3 Agus chuir na hardsagairt mórán nithe ina leith.
4 Agus d'fhiafraigh Píoláid de athuair, “Nach bhfuil aon fhreagra le tabhairt agat? An é nach bhfeiceann tú an méid mór atáthar ag cur i do leith?”
5 Ach níor fhreagair Íosa a thuilleadh, rud a chuir iontas ar Phíoláid.
6 Anois i n‑am na féile ba nós leis cibé ar bith príosúnach a d'iarrfaidís air a scaoileadh saor.
7 Agus bhí fear arbh ainm dó Barabas i measc an lucht ceannairce sa phríosún a rinne dúnmharú le linn na ceannairce.