14 Agus dúirt Píoláid leo, “Cén fáth, cad é an t‑olc atá déanta aige?” Ach is móide a scairt siad, “Céasaigí é.”
15 Agus ba é a tháinig de, gur scaoil Píoláid Barabas chucu, ó bhí fonn air an slua a shásamh; agus chuir sé Íosa á sciúrsáil ansin agus thug sé uaidh é lena chéasadh ar chrois.
16 Agus thug na saighdiúirí leo é isteach sa Phálás (is é sin, an Praetorium); agus bhailigh siad an cathlán uile go léir ina thimpeall.
17 Agus chuir siad brat corcair-dhearg air mar éadach, agus d'fhigh coróin de dhealga gur chuir ar a cheann í.
18 Agus thosaigh siad ar cheiliúradh dó, “Sé do bheatha, a Rí úd na nGiúdach!”
19 Agus bhuail siad faoin gceann é le giolcach agus chaith seile air, agus shléacht siad dó mar a bheidís ag tabhairt ómóis dó.
20 Agus nuair a bhí ealaín mhagaidh déanta acu de, bhain siad an brat corcair-dhearg de, agus chuir a chuid éadaí féin air arís, agus threoraigh siad amach é lena chéasadh.