24 Agus chéas siad é, agus roinn siad eatarthu a chuid éadaigh agus chaith siad crainn go bhfeicidís cad é a ghlacfadh gach duine acu.
25 Agus ba é an tríú huair den lá é nuair a rinneadh é a chéasadh.
26 Agus is é a bhí le léamh i scríbhinn na cúise a cuireadh ina leith, “Rí na nGiúdach.”
27 Agus rinne siad dís ropaire a chéasadh ina chuideachta, duine acu ar a dheis agus duine ar a chlé.
29 Agus níl duine dár shiúil thairis nach ndeachaigh ag magadh faoi, ag croitheadh a chinn air; agus á rá, “Ara maise! A ghiolla úd a bhíodh ag maíomh go scriosfá an teampall agus go ndéanfá a atógáil i n‑achar trí lá,
30 fuascail thú féin, agus tuirling den chrois úd!”
31 Agus ar an nós céanna bhí na hardsagairt ag labhairt air le chéile go magúil agus na scríobhaithe leo, agus dúirt siad, “Tharrthaigh sé fir eile; ní fhéadann sé é féin a tharrtháil.