31 Agus ar an nós céanna bhí na hardsagairt ag labhairt air le chéile go magúil agus na scríobhaithe leo, agus dúirt siad, “Tharrthaigh sé fir eile; ní fhéadann sé é féin a tharrtháil.
32 Tuirlingíodh an Críost sin, tuirlingíodh an Rí sin Iosrael den chrois seo, go bhfeicimid é agus go gcreidimid ann.” Agus níl go fiú na díse a céasadh ina chuideachta nár thug achasán dó.
33 Agus nuair a tháinig an séú huair den lá, bhí dorchadas ann ar fud na tíre uile a mhair go dtí an naoú huair.
34 Agus ar an naoú huair ghlaoigh Íosa i n‑ard a chinn, “Élóí, Élóí, lamá sabactáni?” a chiallaíos, “A Dhia liom, a Dhia liom, cad chuige a ndearna tú mo thréigean?”
35 Agus chuala cuid dá raibh ina seasamh thart agus dúirt siad, “Féach, tá sé ag glaoch ar Elía”.
36 Agus rith duine acu go dtí é gur líon spúinse d'fhínéagar, agus gur chroch ar ghiolcach é gur thug dó le n‑ól é, agus dúirt sé, “Fan go fóill go bhfeicimid an dtiocfaidh Elía lena scaoileadh anuas.”
37 Agus lig Íosa éamh mór as, agus d'fhág an anáil é.