40 Bhí na mná ann fós agus iad i bhfad ar shiúl ag amharc, agus bhí eatarthu Muire Mhagdaléanach, agus Muire máthair Shéamais Óig agus Ióséis, agus Salómé,
41 an bhantracht a lean de agus a rinne timireacht air agus é i nGalailí; agus buíon mhór eile ban a tháinig aníos go hlarúsailéim ina chuideachta.
42 Agus nuair a tháinig an tráthnóna, ó ba é lá an Ullmhaithe é, is é sin an lá roimh an tsabóid,
43 bhi sé de chroí ag Iósaf Arimatéach, duine dearscnaithe a bhí ina bhall den chomhairle, a bhí freisin ag tóraíocht ríocht Dé, a mhisneach a mhúscailt, agus dul chuig Píoláid, agus corp Íosa a iarraidh air.
44 Agus b'iontach le Píoláid é bheith marbh cheana; agus ghlaoigh sé chuige an ceantúir, gur fhiafraigh de an raibh sé marbh go fóill.
45 Agus nuair a fuair sé fios a bháis ón gceantúir, dheonaigh sé an corp do Iósaf.
46 Agus cheannaigh sé taiséadach lín agus bhain sé anuas den chrois é, agus d'fhill sé an taiséadach lín air, agus chuir sé ina luí é i dtuama a snoíodh as an gcarraig; agus thiontaigh cloch i mbéal an tuama.