5 Ach níor fhreagair Íosa a thuilleadh, rud a chuir iontas ar Phíoláid.
6 Anois i n‑am na féile ba nós leis cibé ar bith príosúnach a d'iarrfaidís air a scaoileadh saor.
7 Agus bhí fear arbh ainm dó Barabas i measc an lucht ceannairce sa phríosún a rinne dúnmharú le linn na ceannairce.
8 Agus dhruid an slua aníos ag tosú ar a iarraidh ar Phíoláid rud a dhéanamh orthu mar a ba nós leis.
9 Agus d'fhiafraigh sé díobh, “An toil libh go scaoile mé Rí na nGiúdach chugaibh?”
10 Mar thuig sé gur as éad a thug na hardsagairt uathu chuige é.
11 Ach ghríosaigh na hardsagairt an slua go n‑iarrfaidís air Barabas a scaoileadh chucu ina ionad.