9 Agus d'fhiafraigh sé díobh, “An toil libh go scaoile mé Rí na nGiúdach chugaibh?”
10 Mar thuig sé gur as éad a thug na hardsagairt uathu chuige é.
11 Ach ghríosaigh na hardsagairt an slua go n‑iarrfaidís air Barabas a scaoileadh chucu ina ionad.
12 Agus dúirt Píoláid leo athuair, “Cad é a dhéanfaidh mé mar sin leis an bhfear úd a dtugann sibh Rí na nGiúdach air?”
13 Agus scairt siad arís i n‑ard a gcinn is a ngutha, “Céasaigí é.”
14 Agus dúirt Píoláid leo, “Cén fáth, cad é an t‑olc atá déanta aige?” Ach is móide a scairt siad, “Céasaigí é.”
15 Agus ba é a tháinig de, gur scaoil Píoláid Barabas chucu, ó bhí fonn air an slua a shásamh; agus chuir sé Íosa á sciúrsáil ansin agus thug sé uaidh é lena chéasadh ar chrois.