5 Agus nuair a chuaigh siad isteach sa tuama, chonaiceadar an fear óg ina shuí ar thaobh na láimhe deise agus fallaing ghealbhán air; agus bhí uafás orthu.
6 Agus ar seisean leo, “Ná bíodh aon uafás oraibh; Íosa Nasara, a rinneadh a chéasadh, atá uaibh. Tá sé éirithe; níl sé anseo; féachaigí an áit ar cuireadh é.
7 Ach imígí libh, agus insígí dá dheisceabail agus do Pheadar go bhfuil sé ag dul romhaibh go Galailí; is ansin a fheicfeas sibh é, mar atá inste aige daoibh.”
8 Agus d'imigh siad leo agus theith siad ón tuama; óir rug ballchrith agus bith-ionadh orthu; agus níor scoilt siad a mbéal air le haon duine, le méid a n‑eagla.