1 Tháinig siad go tír na nGeraséanach, ar an taobh thall den fharraige.
2 Agus nuair a tháinig sé amach as an mbád, is ea a casadh air fear a tháinig amach as na tuamaí, fear a raibh sprid neamhghlan ann,
3 a bhíodh ina chónaí sna tuamaí; agus nárbh fhéidir a cheangal níos mó, go fiú le slabhra féin;
4 óir is minic a ceanglaíodh é le geimhle agus le slabhraí, ach tharraingíodh sé na slabhraí as a chéile, agus dhéanadh sé giotaí beaga de na geimhle; agus gan duine ann a bhí láidir go leor lena smachtú.
5 Bhíodh sé oíche agus lá sna tuamaí nó ar na sléibhte agus gan stad air ag búiríl agus ag brú a chraicinn le clocha.