21 Agus nuair a d'fhill Íosa arís sa bhád go dtí an taobh eile, chruinnigh slua mór ina thimpeall; agus bhí sé le cois na farraige.
22 Ba ansin a tháinig fear d'uachtaráin na sionagóige, darbh ainm Iáras; agus ní luaithe a chonaic sé é ná chaith sé é féin ag a chosa,
23 agus d'iarr sé d'achainí air, ag rá, “Tá m'iníon óg i gcróilí an bháis. Tar agus leag do lámha uirthi, go bhfaighe sí a beatha agus a sláinte.”
24 Agus chuaigh sé leis.Agus lean slua mór é agus iad ag plódú thart air.
25 Agus bhí bean ann a raibh rith fola uirthi le dhá bhliain déag,
26 agus a d'fhulaing a lán ó mhórán leá, agus a chaith a raibh aici d'airgead, gan biseach a fháil ach ag dul i ndonas i gcónaí.
27 Bhí sise i ndiaidh iomrá a chluinstin ar Íosa, agus tháinig sí taobh thiar de i measc an tslua gur leag sí lámh ar a éadach.