23 agus d'iarr sé d'achainí air, ag rá, “Tá m'iníon óg i gcróilí an bháis. Tar agus leag do lámha uirthi, go bhfaighe sí a beatha agus a sláinte.”
24 Agus chuaigh sé leis.Agus lean slua mór é agus iad ag plódú thart air.
25 Agus bhí bean ann a raibh rith fola uirthi le dhá bhliain déag,
26 agus a d'fhulaing a lán ó mhórán leá, agus a chaith a raibh aici d'airgead, gan biseach a fháil ach ag dul i ndonas i gcónaí.
27 Bhí sise i ndiaidh iomrá a chluinstin ar Íosa, agus tháinig sí taobh thiar de i measc an tslua gur leag sí lámh ar a éadach.
28 Mar dúirt sí léi féin, “Mura ndéanainn ach mo lámh a leagan ar a éadaí, beidh mé leigheasta.”
29 Agus stad an rith fola láithreach agus mhothaigh sí ina corp féin gur leigheasadh í ón aicíd a bhíodh uirthi.