25 Agus bhí bean ann a raibh rith fola uirthi le dhá bhliain déag,
26 agus a d'fhulaing a lán ó mhórán leá, agus a chaith a raibh aici d'airgead, gan biseach a fháil ach ag dul i ndonas i gcónaí.
27 Bhí sise i ndiaidh iomrá a chluinstin ar Íosa, agus tháinig sí taobh thiar de i measc an tslua gur leag sí lámh ar a éadach.
28 Mar dúirt sí léi féin, “Mura ndéanainn ach mo lámh a leagan ar a éadaí, beidh mé leigheasta.”
29 Agus stad an rith fola láithreach agus mhothaigh sí ina corp féin gur leigheasadh í ón aicíd a bhíodh uirthi.
30 Agus mhothaigh Íosa go ndeachaigh cumhacht as féin amach, agus thiontaigh sé thart sa mhóimint sin i measc an tslua, agus dúirt sé, “Cé sin a leag a lámh ar m'éadai?”
31 Agus dúirt a dheisceabail leis, “Feiceann tú an slua ag plódú thart ort, cad í an chaint sin ort ag rá, ‘Cé a leag lámh orm?”’