3 a bhíodh ina chónaí sna tuamaí; agus nárbh fhéidir a cheangal níos mó, go fiú le slabhra féin;
4 óir is minic a ceanglaíodh é le geimhle agus le slabhraí, ach tharraingíodh sé na slabhraí as a chéile, agus dhéanadh sé giotaí beaga de na geimhle; agus gan duine ann a bhí láidir go leor lena smachtú.
5 Bhíodh sé oíche agus lá sna tuamaí nó ar na sléibhte agus gan stad air ag búiríl agus ag brú a chraicinn le clocha.
6 Agus nuair a chonaic sé Íosa i bhfad uaidh, rith sé chuige agus thug sé ómós dó;
7 agus ghlaoigh sé in ard a chinn, “Cad chuige a bhfuil tú dom, a Íosa, a Mhic an Ard-Dé? Impím ort as ucht Dé, gan mo chéasadh.”
8 Mar bhí sé i ndiaidh a rá leis, “Fág an duine seo, a sprid neamhghlan!”
9 Agus d'fhiafraigh Íosa di; “Cad is ainm duit?” D'fhreagair si, “Léigiún is ainm dom, mar táimid inár mórshlua ann.”