30 Agus mhothaigh Íosa go ndeachaigh cumhacht as féin amach, agus thiontaigh sé thart sa mhóimint sin i measc an tslua, agus dúirt sé, “Cé sin a leag a lámh ar m'éadai?”
31 Agus dúirt a dheisceabail leis, “Feiceann tú an slua ag plódú thart ort, cad í an chaint sin ort ag rá, ‘Cé a leag lámh orm?”’
32 Agus d'fhéach sé thart timpeall go bhfeicfeadh sé cé a rinne é.
33 Ach b'aithnid don bhean cad é a d'éirigh di, agus tháinig sí faoi chritheagla agus chaith sí í féin síos roimhe, agus d'inis sí iomlán na fírinne dó.
34 Agus dúirt sé léi, “A iníon, shlánaigh do chreideamh thú; imigh i síocháin, agus faigh biseach ón aicid atá ort.”
35 Nuair a bhí sé ag rá na cainte sin, tháinig daoine ó theach an uachtaráin a dúirt leis, “Tá d'iníon marbh. Ní fiú an tOide a bhuaireamh níos faide.”
36 Ach rinne Íosa neamh-aird díobh, agus dúirt sé le huachtarán na sionagóige, “Ná bíodh eagla ort, níl agat le déanamh ach bheith creidmheach.”