39 Agus nuair a bhí sé istigh, dúirt sé leo, “Cad chuige an gleo agus an caoineadh? Ní marbh atá an leanbh ach ina codladh.”
40 Agus rinne siad gáire faoi. Ach chaith seisean amach iad uile go léir, agus thug sé leis athair agus máthair an linbh agus an chuideachta a bhí leis, agus chuaigh isteach go dtí an áit a raibh an leanbh.
41 Agus rug sé ar a láimh agus dúirt sé léi, “Talíta cúmí,” a chiallaíos, “A chailín óig, ordaím duit éirí.”
42 Agus d'éirigh an cailín ar a cosa láithreach agus shiúil sí, mar bhí sí in aois an dó dhéag. Agus leis sin bhí dubh-iontas orthu.
43 Agus d'ordaigh sé go dian dóibh gan insint faoi d'aon duine, agus dúirt sé leo bia a thabhairt chuici.