5 Bhíodh sé oíche agus lá sna tuamaí nó ar na sléibhte agus gan stad air ag búiríl agus ag brú a chraicinn le clocha.
6 Agus nuair a chonaic sé Íosa i bhfad uaidh, rith sé chuige agus thug sé ómós dó;
7 agus ghlaoigh sé in ard a chinn, “Cad chuige a bhfuil tú dom, a Íosa, a Mhic an Ard-Dé? Impím ort as ucht Dé, gan mo chéasadh.”
8 Mar bhí sé i ndiaidh a rá leis, “Fág an duine seo, a sprid neamhghlan!”
9 Agus d'fhiafraigh Íosa di; “Cad is ainm duit?” D'fhreagair si, “Léigiún is ainm dom, mar táimid inár mórshlua ann.”
10 Agus d'iarr sí go dian air gan a ndíbirt as an dúiche ar fad.
11 Anois bhí tréad mór muc ag innilt ar leataobh an chnoic;