7 agus ghlaoigh sé in ard a chinn, “Cad chuige a bhfuil tú dom, a Íosa, a Mhic an Ard-Dé? Impím ort as ucht Dé, gan mo chéasadh.”
8 Mar bhí sé i ndiaidh a rá leis, “Fág an duine seo, a sprid neamhghlan!”
9 Agus d'fhiafraigh Íosa di; “Cad is ainm duit?” D'fhreagair si, “Léigiún is ainm dom, mar táimid inár mórshlua ann.”
10 Agus d'iarr sí go dian air gan a ndíbirt as an dúiche ar fad.
11 Anois bhí tréad mór muc ag innilt ar leataobh an chnoic;
12 agus d'iarr siad air, “Cuir amach chuig na muca sinn, lig dúinn dul isteach iontu.”
13 Agus thug sé an cead dóibh. Agus tháinig na spridí neamhghlana amach, agus chuaigh siad isteach sna muca; agus i dtaca leis an tréad, a raibh tuairim is dhá mhíle muc ann, chuaigh siad de ruathar síos leis an bhfána ghéar agus amach san fharraige, agus bádh san fharraige iad.