10 Agus dúirt sé leo, “Nuair a thagann sibh go teach, fanaigí sa teach úd nó go bhfágann sibh an baile.
11 Agus más rud é go mbíonn siad doicheallach romhaibh agus mura dtugann siad éisteacht daoibh, nuair a imíonn sibh, croithigí an deannach de bhur gcosa mar fhianaise ina n‑éadan.”
12 “D'imigh siad mar sin a sheanmóireacht na haithrí do na daoine.
13 Agus chuir siad mórán deamhan amach, agus chuir siad ola ar a lán daoine breoite agus leigheas siad iad.
14 Chuala Ri Iorua faoi; óir bhí ainm Íosa i mbéal an phobail. Bhí cuid de na daoine ag rá, “Is é Eoin Baiste é a tógadh ó na mairbh; agus sin an chúis go mbíonn na cumhachtaí sin ar obair ann.”
15 Ach dúirt dream eile, “Is é Elia é.” Agus deireadh dream eile fós, “Fáidh é, mar fháidh de na seanfháithe.”
16 Ach nuair a chuala Iorua faoi, dúirt sé, “Is é Eoin, ar bhain mise an ceann de, atá beo arís.”