17 Óir ba é Iorua a rinne Eoin a ghabháil, agus a cheangail i bpríosún i ngeimhle é mar gheall ar Heródias, bean a dhearthár Pilip; de bhrí gur phós sé ise.
18 Óir dúirt Eoin le hlorua, “Níl sé de réir dlí bean do dhearthár a bheith agatsa.”
19 Agus bhí olc ag Heródias dó, agus ba mhian léi a mharú. Ach níor fhéad sí sin a dhéanamh.
20 Óir bhí eagla ar Iorua roimh Eoin, agus a dhea-fhios aige gurbh fhear naofa fíréan é, agus mar sin choinnigh sé sábháilte é. Bhíodh sé idir comhairle nuair a chluineadh sé é; ach d'éisteadh sé leis go fonnmhar.
21 Ach fuarthas faill air nuair a thug Iorua fleá a bhreithlae dá chúirteoirí agus dá oifigigh agus do lucht céimíochta na Galailí.
22 Mar nuair a tháinig iníon Heródias isteach, rinne sí cúrsa damhsóireachta a thaitin le hlorua agus lena aíonna; agus is é a dúirt an rí leis an gcailín, “Iarr do rogha rud orm agus bronnfaidh mé ort é.”
23 Agus mhionnaigh sé di, “Tabharfaidh mé duit cibé rud a iarrfas tú orm, dá mba é leathroinn mo ríochta é.”