2 Agus thosaigh sé ar theagasc sa tsionagóg lá na Sabóide; rud a chuir iontas ar a lán, a dúirt, “Cá bhfuair an duine sin seo uile? Cad í an eagna seo a bronnadh air? Cad é chomh mór leis na hoibreacha seo a lámh!
3 Nach é seo an saor adhmaid; mac Mhuire, deartháir Shéamais agus Ioséis agus Iúdáis agus Shíomóin, agus nach bhfuil a dheirfiúracha anseo inár measc?” Agus thug siad dímheas dó.
4 Agus dúirt Íosa leo, “Ní bhíonn fáidh gan a chion féin d'onóir a fháil, ach amháin nuair a bhíos sé ina dhúiche féin, agus i measc a dhaoine muinteartha, agus ina theaghlach féin.”
5 Agus níor fhéad sé aon obair mhór a dhéanamh san áit úd, ach amháin a lámha a leagan ar dhornán daoine breoite agus a leigheas.
6 Agus chuir a n‑easpa chreidimh iontas air.Agus shiúil sé na bailte ag teagasc.
7 Agus ghlaoigh sé an dáréag chuige, agus thosaigh sé ar a gcur amach ina mbeirteanna, agus ar chumhacht a thabhairt dóibh os cionn na spridí neamhghlana.
8 D'ordaigh sé dóibh gan aon rud a bheith leo ar a n‑aistear ach bata; gan arán, gan mhála, gan airgead ina gcriosanna;