22 Mar nuair a tháinig iníon Heródias isteach, rinne sí cúrsa damhsóireachta a thaitin le hlorua agus lena aíonna; agus is é a dúirt an rí leis an gcailín, “Iarr do rogha rud orm agus bronnfaidh mé ort é.”
23 Agus mhionnaigh sé di, “Tabharfaidh mé duit cibé rud a iarrfas tú orm, dá mba é leathroinn mo ríochta é.”
24 Chuaigh sí amach ansin chuig a máthair gur fhiafraigh sí di, “Cad é a iarrfas mé air?” Agus dúirt sise, “Iarr ceann Eoin Bhaiste.”
25 Agus tháinig sí isteach faoi dheifir go dti an rí go ndearna a hiarratas agus í á rá, “Iarraim ort ceann Eoin Bhaiste a thabhairt dom ar an bpointe ar thrinsiúr.”
26 Agus bhí brón agus buairt ar an rí faoi sin; ach bhí leisce air gan cur lena fhocal i ndiaidh a mhionnaí os comhair a aíonna.
27 Mar sin chuir an rí saighdiúir dá gharda uaidh ar ordaigh sé dó a cheann a thabhairt chuige. Chuaigh seisean gur dhícheann sa phríosún é,
28 agus gur thug sé a cheann ar thrinsiúr gur thug don chailín é; agus thug an cailín dá máthair é ansin.