25 Agus tháinig sí isteach faoi dheifir go dti an rí go ndearna a hiarratas agus í á rá, “Iarraim ort ceann Eoin Bhaiste a thabhairt dom ar an bpointe ar thrinsiúr.”
26 Agus bhí brón agus buairt ar an rí faoi sin; ach bhí leisce air gan cur lena fhocal i ndiaidh a mhionnaí os comhair a aíonna.
27 Mar sin chuir an rí saighdiúir dá gharda uaidh ar ordaigh sé dó a cheann a thabhairt chuige. Chuaigh seisean gur dhícheann sa phríosún é,
28 agus gur thug sé a cheann ar thrinsiúr gur thug don chailín é; agus thug an cailín dá máthair é ansin.
29 Nuair a chuala deisceabail Eoin é sin, tháinig siad gur thóg siad a chorp lena chur san uaigh.
30 D'fhill na haspail chuig Íosa, agus d'inis siad dó a ndearna siad de ghníomhartha agus de theagasc.
31 Agus dúirt sé leo, “Tagaigí go raibh scíste agaibh tamall libh féin ar an uaigneas.” Mar bhí mórán mór ag teacht agus ag imeacht, gan faoiseamh a thabhairt dóibh fiú lena mbia a chaitheamh.