39 D'ordaigh sé dóibh ansin suí fúthu ina gcuideachtaí ar an bhféar glas.
40 Shuigh siad mar sin ina scataí, ina gcéadta nó ina leathchéadta.
41 Agus ghlac sé na cúig bhuilín aráin agus an dá iasc agus d'amharc sé suas i spéartha neimhe, gur bheannaigh sé agus gur roinn sé na builiní agus thug sé iad do na deisceabail lena gcur roimh na daoine; agus roinn sé an dá iasc ar an iomlán acu.
42 Agus d'ith siad uile go léir a ndóthain.
43 Agus thóg siad lán dhá chiseán déag de ghiotaí aráin agus éisc.
44 Agus bhí siad cúig mhíle fear ann a d'ith na builíní úd.
45 Thug sé ar a dheisceabail dul ar an mbád gan tuilleadh moille agus imeacht anonn roimhe go dtí an taobh eile, go Bétsáida, le linn dó féin a bheith ag scaoileadh an tslua.