44 Agus bhí siad cúig mhíle fear ann a d'ith na builíní úd.
45 Thug sé ar a dheisceabail dul ar an mbád gan tuilleadh moille agus imeacht anonn roimhe go dtí an taobh eile, go Bétsáida, le linn dó féin a bheith ag scaoileadh an tslua.
46 Agus nuair a bhí cead fágtha aige acu siúd, chuaigh sé suas faoi na cnoic le hurnaí a dhéanamh.
47 Agus nuair a thit an oíche orthu, bhí an bád amuigh ar an bhfarraige, agus bhí seisean ar an talamh leis féin.
48 Agus chonaic sé go raibh siad i gcruachás, ag iomramh in éadan na gaoithe. Agus tháinig sé chucu de shiúl cos ar uachtar na farraige sa cheathrú deireannach den oíche. Agus rinne sé mar a rachadh sé tharstu,
49 ach nuair a chonaic siad é agus é ag siúl na farraige, shíl siad gur taibhse a bhí ann, agus lig siad béic astu;
50 mar níl duine nach bhfaca é agus nach raibh uafás air. Ach labhair sé leo ar an bpointe agus dúirt sé leo, “Tógaigí bhur gcroíthe, mise atá ann; ná bíodh aon eagla oraibh.”