49 ach nuair a chonaic siad é agus é ag siúl na farraige, shíl siad gur taibhse a bhí ann, agus lig siad béic astu;
50 mar níl duine nach bhfaca é agus nach raibh uafás air. Ach labhair sé leo ar an bpointe agus dúirt sé leo, “Tógaigí bhur gcroíthe, mise atá ann; ná bíodh aon eagla oraibh.”
51 Agus chuaigh sé isteach leo sa bhád agus scoir an ghaoth leis sin. Agus bhí iontas as cuimse orthu,
52 mar níor thuig siad cad é a tharla i dtaobh na mbuilíni aráin, mar bhí a gcroíthe crua.
53 Agus nuair a bhí siad thall, tháinig siad i dtír ag Genésaret agus d'fheistigh siad an bád ar an trá.
54 Agus nuair a tháinig siad amach as an mbád, d'aithin na daoine é gan mhoill ar bith,
55 agus bhí rith agus fuadar faoin gcomharsanacht uile agus daoine breoite á n‑iompar acu ar shráideoga go háit ar bith a raibh iomrá ar é a bheith ann.