10 Óir is é a dúirt Maois, ‘Tabhair onóir do d'athair agus do do mháthair’; agus ‘An té a cháineas a athair nó a mháthair go míchóir, cuirtear chun báis é go cinnte;’
11 ach is é atá á rá agaibhse, ‘más rud é go ndeir fear lena athair nó lena mháthair, is Corbán é (is é sin, rud a tugadh mar bhronntanas do Dhia) an ní atá agam le tabhairt duitse—
12 Ansin ní thugann sibh cead dó maith a dhéanamh ar a athair ná ar a mháthair,
13 agus ar an dóigh sin cuireann sibh briathar Dé ar ceal leis an nós sin a fhágas sibh do bhur gclann in bhur ndiaidh. Agus is iomaí sin ní den sórt atá á chleachtadh agaibh.”
14 Agus ghlaoigh sé na daoine chuige arís, agus dúirt sé leo, “Éistigí liom, an uile dhuine agaibh, agus tuigigí seo:
15 Níl ní taobh amuigh den duine ar féidir leis a shalú má théann sé isteach ann;
16 is iad na nithe a thagas amach as an duine a shalaíos an duine.”