15 Níl ní taobh amuigh den duine ar féidir leis a shalú má théann sé isteach ann;
16 is iad na nithe a thagas amach as an duine a shalaíos an duine.”
17 Agus nuair a d'fhág sé an slua agus a chuaigh sé isteach chun tí, d'fhiafraigh a dheisceabail de i dtaobh an fháithscéil.
18 Agus dúirt sé leo, “An é nach bhfuil aon tuiscint agaibh ar nós na coda eile? Nach bhfeiceann sibh nach féidir leis an ní a thagas isteach sa duine ón taobh amuigh de an duine a shalú,
19 mar ní isteach ina chroí ach isteach ina ghoile a théas sé sin, agus imíonn sé leis go dtéann sé as” (Is amhlaidh a léirigh sé go bhfuil gach cineál bia glan ann féin.)
20 Agus dúirt sé “Is é an ní a théas amach as an duine a shalaíos an duine.
21 Óir is as an taobh istigh den duine, is as croí an duine, a thagas na drochsmaointe, an striapachas, an ghadaíocht, an dúnmharú, an t‑adhaltranas,