20 Agus dúirt sé “Is é an ní a théas amach as an duine a shalaíos an duine.
21 Óir is as an taobh istigh den duine, is as croí an duine, a thagas na drochsmaointe, an striapachas, an ghadaíocht, an dúnmharú, an t‑adhaltranas,
22 an tsaint, an choirpeacht, an mhealltóireacht, an ainshriantacht, an t‑éad, an t‑ithiomrá, an díomas, an amadántacht.
23 Tagann na drochnithe sin uile ón taobh istigh den duine, agus is iad a shalaíos an duine.”
24 Agus d'éirigh sé amach as sin gur imigh leis go ceantar Thiora agus Shiodóin. Agus chuaigh sé isteach i dteach, agus níor mhian leis a fhios a bheith ag aon duine; ach níor féadadh a cheilt.
25 Ach bhí bean ann, a raibh sprid neamh-ghlan ina hiníon bheag, a chuala faoi gan mhoill, agus tháinig sí gur chaith í féin ag a chosa.
26 Anois ba Ghréagach í an bhean sin, den chine Siro-Phéníseach, agus d'iarr sí d'impí air an deamhan a chur amach as a hiníon.