29 Agus dúirt sé léi, “Mar mhaithe leis an rá sin féadann tú imeacht leat; mar tá an deamhan tar éis d'iníon a fhágáil.”
30 Agus shiúil sí léi abhaile, go bhfuair a hiníon ina luí roimpi ar a leaba, agus an deamhan imithe.
31 D'fhill sé ansin aris ó cheantar Thiora, agus shiúil sé Siodón chomh fada le Muir Ghalailí, ar fud cheantar Dhecapolis.
32 Agus tugadh chuige fear bodhar a raibh stad ina chaint; agus iarradh air a lámha a leagan air.
33 Agus thug sé i leataobh é as amharc an tslua, agus chuir sé a mhéara ina chluasa, agus chaith sé seile agus chuimil sé a theanga;
34 agus d'fhéach sé suas i spéartha neimhe, agus tharraing sé osna, agus dúirt sé leis, “Ephphatach,” is é sin, “bí ar d'oscailt.”
35 Agus osclaíodh a chluasa, agus scaoileadh a theanga, agus ba shoiléir shothuigthe a labhair sé.