3 (Mar ní gnách leis na Fairiséigh, ná leis na Giudaigh eile ar fad, bia a chaitheamh mura mbíonn a lámha nite an chéad uair, le nós na seanóirí a choimeád;
4 agus nuair a thagas siad abhaile ó shráid an mhargaidh, ní chaitheann siad aon bhia go dtí go nglanann siad iad féin; agus is iomaí sin nós atá á choimeád acu, agus iad ag ní cupán agus corcán agus soithí cré-umha).
5 Agus d'fhiafraigh na Fairiséigh agus na scríobhaithe de, “Cad chuige nach leanann do dheisceabail de nós na seanóirí, ach ag caitheamh bia le láimh shalach?”
6 Agus ar seisean leo, “Nach maith a rinne Ísáia tairngreacht fúibh, a fhimineacha, mar tá scríofa,‘Onóraíonn béal na muintire seo mé,ach is fada uaim atá a gcroí;
7 is baoth an t‑adhradh a thugas siad dom,agus níl ach cumadóireacht dhaonna ina gcráifeacht siúd.’
8 Cuireann sibhse suas d'aitheanta Dé, agus cloíonn sibh go dluth le nósanna daoine.”
9 Agus dúirt sé leo, “Nach breá mar atá diúltaithe agaibh d'aithne Dé, le bhur nósanna féin a choimeád!