30 Agus shiúil sí léi abhaile, go bhfuair a hiníon ina luí roimpi ar a leaba, agus an deamhan imithe.
31 D'fhill sé ansin aris ó cheantar Thiora, agus shiúil sé Siodón chomh fada le Muir Ghalailí, ar fud cheantar Dhecapolis.
32 Agus tugadh chuige fear bodhar a raibh stad ina chaint; agus iarradh air a lámha a leagan air.
33 Agus thug sé i leataobh é as amharc an tslua, agus chuir sé a mhéara ina chluasa, agus chaith sé seile agus chuimil sé a theanga;
34 agus d'fhéach sé suas i spéartha neimhe, agus tharraing sé osna, agus dúirt sé leis, “Ephphatach,” is é sin, “bí ar d'oscailt.”
35 Agus osclaíodh a chluasa, agus scaoileadh a theanga, agus ba shoiléir shothuigthe a labhair sé.
36 Agus d'ordaigh sé go dian dóibh gan a insint d'aon duine; ach dá mhéad a d'ordaigh sé dóibh, is amhlaidh ba mhó a sceith agus a scaip siad é.