1 Briathra Amós, aoire de chuid Theacóá. Fís a bhí aige faoi Iosrael i laethanta Uiziá, rí Iúdá, agus i laethanta Iarobám mac Ióáis, rí Iosrael, dhá bhliain roimh an gcrith talún.
2 Agus dúirt sé:Tá an Tiarna ag búiríl ó Shíón,ag labhairt os ard ó Iarúsailéim.Tá féarach na n‑aoirí ruadhóite,agus mullach Chairmeil ag feo.
3 Mar seo a deir an Tiarna:In éiric thrí pheaca na Damaisce,in éiric a ceithre pheaca,ní rachaidh mé siar ar mo dhaorbhreith.De bhrí gur lasc siad Gileád le súiste iarainn,
4 teilgfidh mé tine síos ar theach Hazáéil,a dhófaidh caisleáin Bhein Hadad;
5 brisfidh mé barraí gheata na Damaisceagus dítheoidh mé áitritheoirí Ghleann Áivinagus rialtóir Bhéit Eidin;agus rachaidh muintir na Síre ar deoraíocht go Cír,a deir an Tiarna.
6 Mar seo a deir an Tiarna:In éiric thrí pheaca Ghazá,In éiric a cheithre pheaca,ní rachaidh mé siar ar an bpionós.De bhrí gur dhíbir siad cine iomlánmar bhránna go hEadóm,