Amós 7 ABN

Físeanna

An Chéad Trí Fhís

1 Seo an rud a thaispeáin an Tiarna mo Dhia dom:Is amhlaidh a bhí sé ag cruthú lócaistíi dtosach an athfháis- ba é an t‑athfhás é a eascraíonnnuair a bhíonn an fómhar déanta ag an rí.

2 Nuair a bhí féar na tíre go léir nach mór alptha acu, dúirt mise:“A Thiarna Dia, tabhair maithiúnas, impím ort.Cad é mar a mhairfidh Iacóbagus é chomh beag sin?”

3 Agus tháinig aithreachas ar an Tiarna;“Ní thitfidh sé seo amach,” a dúirt an Tiarna.

4 Seo an rud a thaispeáin an Tiarna dom:An Tiarna Dia féin ag fogairt pionóis le tine.Bhí an duibheagán mór dóite aici,agus bhí sí ag creimeadh na talún roimpi.

5 Dúirt mise ansin: “Éirigh as, a Thiarna Dia, impím ort.Cad é mar a mhairfidh Iacóbagus é chomh beag sin?”

6 Agus ghlac an Tiarna trua;“Ní thitfidh sé seo amach ach oiread,”a dúirt an Tiarna.

7 Seo an rud a thaispeáin an Tiarna dom:An Tiarna ina sheasamh cois ballaagus dorú pluma ina láimh aige.

8 Dúirt an Tiarna liom:“A Amós, cad é a fheiceann tú?”“Dorú pluma,” arsa mise.Ansin dúirt an Tiarna liom:“Féach, tá mé chun mo phobal Iosrael a thomhas le dorú pluma;ní ligfidh mé a gcionta leo níos mó.

9 Creachfar áiteanna arda Íosác;bánófar sanctóirí Iosraelnuair a thabharfaidh mé ruathar ar theach Iarobám leis an gclaíomh.”

An Sagart i mBéit Éil i gcoinne Amós

10 Chuir Amaiziá, sagart Bhéit Éil, scéal ansin chuig Iarobám, rí Iosrael, á rá: “Tá Amós ag beartú comhcheilge i d'aghaidh i lár theach Iosrael; ní féidir leis an tír a bhriathra uile a fhulaingt níos mó.

11 Óir is mar seo a deir sé: ‘Tá sé i ndán do Iarobám bás a fháil leis an gclaíomh, agus do Iosrael dul ar deoraíocht i bhfad ó bhaile.’ ”

12 Dúirt Amaiziá le hAmós: “Imigh leat a fhísí, fill ar thír Iúdá; saothraigh do chuid aráin ansin, déan do chuid tairngreachta ansin.

13 Níl do thairngreacht uainn anseo i mBéit Éil mar is ann atá sanctóir an rí, teampall ríoga.”

14 Dúirt Amós le hAmaiziá á fhreagairt: “Ní fáidh mé ná mac fáidh, ach aoire agus coimeádaí seiceamar;

15 ach ba é an Tiarna a thóg mé ón mbuachailleacht agus ba é a dúirt liom: ‘Téigh agus tairngir do mo phobal Iosrael.’ ”

16 Mar sin éist le briathar an Tiarna:Deir tusa: “Ná tairngir i n‑aghaidh Iosrael,ná bí ag seanmóireacht in aghaidh theach Íosác.”

17 Maith go leor, seo mar a deir an Tiarna:“Rachaidh do bhean le striapachas sa chathair,titfidh do mhic agus do iníonacha leis an gclaíomh,roinnfear d'fhearann leis an dorú,gheobhaidh tú féin bás ar thalamh truaillithe,agus rachaidh Iosrael ar deoraíochti bhfad i gcéin óna thír dhúchais.”

Caibidlí

1 2 3 4 5 6 7 8 9