Amós 6 ABN

1 Is mairg don mhuintir atá sócúil i Síón,agus a mhothaíonn slán sábháilte ar shliabh na Samáire,móruaisle scoth cine na gciníochaar a mbíonn triall theach Iosrael.

2 Téigí go Calna agus féachaigí,ar aghaidh libh uaidh sin go Hamát mór,agus ansin síos go Gat na bhFilistíneach libh;an fearr iadsan ná na ríochtaí seo?nó an mó a dtailte ná bhur gcuidse?

3 Sibhse a mheasann an drochlá a chur ar cairde,is ag luathú réim an uafáis chugaibh féin atá sibh!

4 [Is mairg] dá luíonn ar leapacha eabhair,a shíneann iad féin ar tholga;a chothaíonn iad féin ar uain an tréada,agus ar na gamhna as na stalla;

5 a chanann baothamhráin le fuaim na cruite,a chumann (ar nós Dháiví) nuaghléasanna ceoil;

6 a ólann fíon i gcoirnagus a ungann iad féin leis na holaí is tofa;ach gur cuma leo faoi thurnamh Iósaef.

7 Beidh siad, dá bhrí sin, ar an gcéad dream ar deoraíocht;agus an mhuintir sínte ar tholga beidh deireadh lena ragairne.

8 Mhionnaigh an Tiarna Dia dar a cheann féin,- is é an Tiarna, Dia na Slua, a labhraíonn -Is fuath liom díomas Iacóib,is beag orm a pháláis;tréigfidh mé an chathair agus a bhfuil inti.

9 Agus má fhanann deichniúr fear in aon teach gheobhaidh siad bás.

10 An fear gaoil a iompraíonn na cnámha amach as na tithe chun iad a dhó, déarfaidh sé leis an té atá sa chuid is sia isteach den teach: “An bhfuil aon duine i do chuideachta fós?” Freagróidh seisean: “Níl! bí i do thost! caithimid gan ainm an Tiarna a lua.”

11 Óir, féach, ordaíonn an Tiarna féin é;buaileann sé agus déantar smionagar den teach móragus titeann an teach beag as a chéile.

12 An ritheann capaill ar charraigeacha?An dtreabhtar an fharraige le daimh?le go ndéanfadh sibh nimh den cheartagus mormónta de thoradh an ionracais.

13 Tá áthas oraibh faoi Ló Dabár;“Nach lenár neart féin a ghabhamar Carnáim?” a deir sibh.

14 Ach, féach, a theach Iosrael, a deir an Tiarna, Dia na Slua,gríosfaidh mé cine in bhur gcoinne,cine a chiapfaidh sibh isteach ó bhéal Hamátó dheas go sileán an Arabá.

Caibidlí

1 2 3 4 5 6 7 8 9