1 Mar seo a deir an Tiarna:In éiric thrí pheaca Mhóáb,in éiric a cheithre pheaca,ní rachaidh mé siar ar mo dhaorbhreith.De bhrí go ndearna sé luaith de chnámha rí Eadóm,
2 teilgfidh mé tine síos ar Mhóábagus dófaidh sí páláis Chiríot,éagfaidh Móáb le linn an chlampair,le linn gártha agus fuaim an trumpa;
3 scriosfaidh mé an taoiseach óna láragus maróidh mé gach prionsa leis,a deir an Tiarna.
4 Mar seo a deir an Tiarna:In éiric thrí pheaca Iúdá,in éiric a cheithre pheaca,ní rachaidh mé siar ar mo dhaorbhreith.De bhrí gur thug siad a gcúl le dlí an Tiarnaagus nár choinnigh siad a aitheanta,ach gur chuir na déithe bréige a lean a n‑aithreacha ar seachrán iad,
5 teilgfidh mé tine síos ar Iúdáagus dófaidh sí páláis Iarúsailéim.
6 Mar seo a deir an Tiarna:In éiric thrí pheaca Iosrael,in éiric a cheithre pheaca,ní rachaidh mé siar ar mo dhaorbhreith.De bhrí gur dhíol siad an fíréan i ngeall ar airgeadagus an bochtán i ngeall ar phéire cuarán,
7 de bhrí go satlaíonn siad ar cheann an bhochtáinagus go gcaitheann siad an dearóil ar leataobh,de bhrí go dtaithíonn an t‑athair agus an macan striapach chéanna,rud is masla do m'ainm naofa,
8 de bhrí go luíonn siad síos ar thaobh gach altóraar éide a cuireadh i ngeall,agus go n‑ólann siad i dteach a ndéfíon na ndaoine a fíneáladh.
9 Ina dhiaidh sin is uile scrios mé na hAmóraigh rompu,fir a bhí chomh hard leis na céadraisagus chomh láidir leis na daracha;scrios mé a dtorthaí os cionn talúnagus a bpréamhacha thíos fúithi.
10 Thug mé aníos sibh fosta ó thír na hÉigipteagus threoraigh daichead bliain san fhásach sibhchun go bhfaigheadh sibh dúiche an Amóraigh mar oidhreacht.
11 Thóg mé fáithe as bhur sliocht firagus Naizírigh as bhur macra.Nach amhlaidh atá, a chlann Iosrael?a deir an Tiarna.
12 Ach thug sibh ar na Naizírigh fíon a ól,agus d'ordaigh sibh do na fáithe: “Ná déanaigí tairngreacht.”
13 Féach, brúfaidh mise síos sibh,mar a bhrúitear síos trucail lán de phunanna.
14 Ní bheidh an reathaire in ann teitheadh,caillfidh an tréanfhear a neart,ní thabharfaidh an gaiscíoch a bheatha slán.
15 Fear an bhogha ní sheasfaidh sé an fód,ní éalóidh an luathchosach,ní thiocfaidh an marcach as,
16 an laoch is crógateithfidh sé leis gan chathéide an lá sin,a deir an Tiarna.