11 Mar seo a deir an Tiarna:In éiric thrí pheaca Eadóm,in éiric a cheithre pheaca,ní rachaidh mé siar ar mo dhaorbhreith.De bhrí gur chiap sé a dheartháir leis an gclaíomhagus gur rad uaidh gach uile thrua,go mbíodh sé i gcónaí confachagus gur chothaigh ann féin de shíor an fhearg,
12 teilgfidh mé tine síos ar Théamána dhófaidh go talamh páláis Bhozrá.
13 Mar seo a deir an Tiarna:In éiric thrí pheaca chlann Amón,in éiric a gceithre pheaca,ní rachaidh mé siar ar mo dhaorbhreith.De bhrí gur scoilt siad mná Ghileáda bhí ag iompar clainneionas go leathnóidís a gcríocha féin,
14 lasfaidh mé tine i mballa Rabáagus dófaidh sí a páláisle gáir lá an chatha,le stoirm lá na doininne;
15 agus rachaidh a rí ar deoraíocht,é féin agus a phrionsaí leis,a deir an Tiarna.