5 brisfidh mé barraí gheata na Damaisceagus dítheoidh mé áitritheoirí Ghleann Áivinagus rialtóir Bhéit Eidin;agus rachaidh muintir na Síre ar deoraíocht go Cír,a deir an Tiarna.
6 Mar seo a deir an Tiarna:In éiric thrí pheaca Ghazá,In éiric a cheithre pheaca,ní rachaidh mé siar ar an bpionós.De bhrí gur dhíbir siad cine iomlánmar bhránna go hEadóm,
7 teilgfidh mé tine síos ar bhalla Ghazáa dhófaidh a páláis;
8 díbreoidh mé áitritheoirí Aisdeodagus rialtóir Aiscileon;agus iompóidh mé mo lámh in aghaidh Eacrónagus bascfar an Filistíneach deireanach,a deir an Tiarna Dia.
9 Mar seo a deir an Tiarna:In éiric thrí pheaca na Tuíre,in éiric a ceithre pheaca,ní rachaidh mé siar ar mo dhaorbhreith.De bhrí gur dhíbir siad cine iomlánmar bhránna go hEadómagus nár chuimhin leo conradh na mbráithre,
10 teilgfidh mé tine síos ar bhalla na Tuírea dhófaidh go talamh a páláis.
11 Mar seo a deir an Tiarna:In éiric thrí pheaca Eadóm,in éiric a cheithre pheaca,ní rachaidh mé siar ar mo dhaorbhreith.De bhrí gur chiap sé a dheartháir leis an gclaíomhagus gur rad uaidh gach uile thrua,go mbíodh sé i gcónaí confachagus gur chothaigh ann féin de shíor an fhearg,