9 Mar seo a deir an Tiarna:In éiric thrí pheaca na Tuíre,in éiric a ceithre pheaca,ní rachaidh mé siar ar mo dhaorbhreith.De bhrí gur dhíbir siad cine iomlánmar bhránna go hEadómagus nár chuimhin leo conradh na mbráithre,
10 teilgfidh mé tine síos ar bhalla na Tuírea dhófaidh go talamh a páláis.
11 Mar seo a deir an Tiarna:In éiric thrí pheaca Eadóm,in éiric a cheithre pheaca,ní rachaidh mé siar ar mo dhaorbhreith.De bhrí gur chiap sé a dheartháir leis an gclaíomhagus gur rad uaidh gach uile thrua,go mbíodh sé i gcónaí confachagus gur chothaigh ann féin de shíor an fhearg,
12 teilgfidh mé tine síos ar Théamána dhófaidh go talamh páláis Bhozrá.
13 Mar seo a deir an Tiarna:In éiric thrí pheaca chlann Amón,in éiric a gceithre pheaca,ní rachaidh mé siar ar mo dhaorbhreith.De bhrí gur scoilt siad mná Ghileáda bhí ag iompar clainneionas go leathnóidís a gcríocha féin,
14 lasfaidh mé tine i mballa Rabáagus dófaidh sí a páláisle gáir lá an chatha,le stoirm lá na doininne;
15 agus rachaidh a rí ar deoraíocht,é féin agus a phrionsaí leis,a deir an Tiarna.