4 Mar seo a deir an Tiarna:In éiric thrí pheaca Iúdá,in éiric a cheithre pheaca,ní rachaidh mé siar ar mo dhaorbhreith.De bhrí gur thug siad a gcúl le dlí an Tiarnaagus nár choinnigh siad a aitheanta,ach gur chuir na déithe bréige a lean a n‑aithreacha ar seachrán iad,
5 teilgfidh mé tine síos ar Iúdáagus dófaidh sí páláis Iarúsailéim.
6 Mar seo a deir an Tiarna:In éiric thrí pheaca Iosrael,in éiric a cheithre pheaca,ní rachaidh mé siar ar mo dhaorbhreith.De bhrí gur dhíol siad an fíréan i ngeall ar airgeadagus an bochtán i ngeall ar phéire cuarán,
7 de bhrí go satlaíonn siad ar cheann an bhochtáinagus go gcaitheann siad an dearóil ar leataobh,de bhrí go dtaithíonn an t‑athair agus an macan striapach chéanna,rud is masla do m'ainm naofa,
8 de bhrí go luíonn siad síos ar thaobh gach altóraar éide a cuireadh i ngeall,agus go n‑ólann siad i dteach a ndéfíon na ndaoine a fíneáladh.
9 Ina dhiaidh sin is uile scrios mé na hAmóraigh rompu,fir a bhí chomh hard leis na céadraisagus chomh láidir leis na daracha;scrios mé a dtorthaí os cionn talúnagus a bpréamhacha thíos fúithi.
10 Thug mé aníos sibh fosta ó thír na hÉigipteagus threoraigh daichead bliain san fhásach sibhchun go bhfaigheadh sibh dúiche an Amóraigh mar oidhreacht.