1 Éist leis an mbriathar seo a labhair an Tiarna i d'aghaidh, a phobal Iosrael, in aghaidh na clainne go léir a thug mé aníos ó thír na hÉigipte:
2 Sibhse amháin as ciníocha uilean domhain a fuair aitheantas uaim;dá bhrí sin smachtóidh mé sibhmar gheall ar bhur n‑uile pheaca.
3 An siúlann beirt le chéile ar an tslígan [aithne] acu ar a chéile?
4 An mbúireann an leon san fhoraoisagus é gan seilg?An scairteann an coileán leoin óna phluaisagus é gan chreach?An dtiteann éan isteach i ngaiste ar an talamhagus gan dada ann chun é a mhealladh?
5 An bpreabann an gaiste aníos ón talamhagus gan aon rud ceaptha aige?
6 An séideann trumpa sa chathairgan eagla a theacht ar an bpobal?An mbuaileann tubaiste an chathairnach é an Tiarna is cúis leis?