8 Bhúir an leon; cé air nach mbeidh eagla?Labhraíonn an Tiarna Dia;cé a d'fhéadfadh gan tairngreacht a dhéanamh?
9 Fógair é i bpáláis na hAsaíreagus i bpáláis na hÉigipte agus abair:“Cruinnigí le chéile ar shléibhte na Samáireagus breathnaígí uaibh mí-eagar na cathrach sinagus an leatrom laistigh di.”
10 “Níl aon chiall do chothrom na féinne acu,”a deir an Tiarna,“ach líonann siad a bpáláis leis an gcreacha fuair siad le foréigean agus le slad.”
11 Dá bhrí sin is mar seo a deir an Tiarna Dia:“Timpeallóidh an namhaid an tír,bainfidh sé do chumhacht díotagus creachfar do pháláis.”
12 Mar seo a deir an Tiarna:Mar a sciobann an t‑aoire ó bhéal an leoindhá chois nó leadhb de chluais,is mar sin a fhuasclófar clann Iosraela chónaíonn sa tSamáir,agus gan ach cnaiste leapa nó trasnánde chathaoir thoilg slánaithe acu.
13 Éistigí agus tugaigí fianaisein aghaidh theach Iacóib,a deir an Tiarna, Dia na Slua.
14 An lá a smachtóidh mé Iosrael mar gheall ar a chionta,smachtóidh mé altóirí Bhéit Éil chomh maith:gearrfar adharca na haltóra anuasagus titfidh siad ar lár.