1 Éistigí leis an bhfocal seo, a bha Bháiseán,a chónaíonn ar shliabh na Samáire,sibhse a chiapann an bochtán, a fháisceann ar an dearóil,a deir le bhur bhfir chéile:“Tabhair chugainn deoch go n‑ólaimid.”
2 Mhionnaigh an Tiarna Dia dar a naofacht:féach, tiocfaidh na laethanta oraibhnuair a sracfar ar shiúl sibh le crúcaí,go fiú an bhean dheiridh daoibh le duáin iascaigh.
3 Amach a rachaidh sibh tríd na bearnaí,gach bean agaibh caol díreach amachagus ruaigfear sibh fhad le Harmón,a deir an Tiarna.
4 Imígí go Béit Éil agus peacaígí,go Gilgeál agus cuirigí le bhur gcoireanna;méadaígí bhur n‑íobairtí gach maidin,agus bhur ndeachúna gach tríú lá;
5 ofrálaigí íobairt bhuíochais le laibhín,foilsígí os ard na híobairtí deonacha,mar is é sin a thaitníonn libh, a chlann Iosrael,a deir an Tiarna Dia.