2 Mhionnaigh an Tiarna Dia dar a naofacht:féach, tiocfaidh na laethanta oraibhnuair a sracfar ar shiúl sibh le crúcaí,go fiú an bhean dheiridh daoibh le duáin iascaigh.
3 Amach a rachaidh sibh tríd na bearnaí,gach bean agaibh caol díreach amachagus ruaigfear sibh fhad le Harmón,a deir an Tiarna.
4 Imígí go Béit Éil agus peacaígí,go Gilgeál agus cuirigí le bhur gcoireanna;méadaígí bhur n‑íobairtí gach maidin,agus bhur ndeachúna gach tríú lá;
5 ofrálaigí íobairt bhuíochais le laibhín,foilsígí os ard na híobairtí deonacha,mar is é sin a thaitníonn libh, a chlann Iosrael,a deir an Tiarna Dia.
6 D'fhág mé bhur bhfiacla glan in bhur gcathracha uile,agus arán in easnamh in bhur mbailte;ach mar sin féin níor fhill sibh orm,a deir an Tiarna.
7 Choinnigh mé uaibh an fhearthainn fosta,agus an fómhar trí mhí fós ar shiúl;thug mé air fearthainn a chur ar chathair amháinagus gan a chur ar chathair eile;bhí sé ag cur ar pháirc amháinagus an pháirc nár tháinig fearthainn uirthi chríon sí.
8 Shiúil pobail dhá chathair nó trí chuig cathair eilear lorg fíoruisce, agus níor mhúch siad a dtart;ach mar sin féin níor fhill sibh orm,a deir an Tiarna.