8 Shiúil pobail dhá chathair nó trí chuig cathair eilear lorg fíoruisce, agus níor mhúch siad a dtart;ach mar sin féin níor fhill sibh orm,a deir an Tiarna.
9 Bhuail mé le loscadh gaoithe agus le bruth teasa sibh,bhánaigh mé bhur ngairdíní agus bhur bhfíonghoirt,mhill na lócaistí bhur gcrainn fígí agus bhur n‑ológa;ach níor fhill sibh orm,a deir an Tiarna.
10 Bhuail mé le haicíd sibh dála na hÉigipte,leag mé bhur n‑óigfhir leis an gclaíomh,agus rug mé bhur n‑eich uaibh,líon mé bhur bpolláirí le bréantas bhur gcampaí;ach mar sin féin níor fhill sibh orm,a deir an Tiarna.
11 Scrios mé cuid agaibh mar a scrios Dia Sodom agus Gomorá,agus bhí sibhse mar aibhleog a sciobadh ón tine;ach mar sin féin níor fhill sibh orm,a deir an Tiarna.
12 Dá bhrí sin is mar seo a roinnfidh mé leat, a Iosrael,agus toisc gurb é seo a dhéanfaidh mé ort,cuir tú féin i gcóir chun casadh ar do Dhia, a Iosrael.
13 Óir, féach, ba é a dhealbhaigh na sléibhte,a chruthaigh an ghaoth,a fhoilsíonn a smaointe don duine,a dhéanann [an chamhaoir agus an dorchadas],a shiúlann in áiteanna arda an domhain;is é an Tiarna, Dia na Slua, is ainm dó.