1 Éist leis an oracal seo a fhógraím i d'aghaidh;is caoineadh é, a theach Iosrael:
2 Tá an mhaighdean Iosrael ar lár,ní éireoidh sí níos mó;óir tá sí tréigthe ar a talamh féinagus gan aon duine lena tógáil aníos.
3 Óir is mar seo a deir an Tiarna Dia le teach Iosrael:An chathair a raibh míle saighdiúir aiciní fhágfar ach céad aici;agus an chathair a raibh céad aiciní fhágfar aici ach deichniúr.
4 Óir is mar seo a deir an Tiarna Dia le teach Iosrael:Gabh ar mo lorgsa agus mairfidh tú;
5 ach ná gabh go Béit Éil,agus ná téigh isteach go Gilgeálná anonn go Béar Seaba;mar is cinnte go rachaidh Gilgeál ar deoraíochtagus go gcuirfear Béit Éil ar neamhní.
6 Gabh ar lorg an Tiarna agus mairfidh tú;ar eagla go dtiocfadh sé ar theach Iósaef mar chaor thineagus go n‑alpfadh sí éagus nach mbeadh aon duine ann chun í a mhúchadhar son theach Iosrael.