11 Ar an ábhar sin, de bhrí go satlaíonn sibh ar an mbochtán,agus go gcuireann sibh ainchíos cruithneachta air,na tithe sin a thóg sibh le clocha snoitení chónóidh sibh iontu;na fíonghoirt thaitneamhacha a chuir sibhní ólfaidh sibh a bhfíon.
12 Óir is eol domsa iomad bhur gciontaagus méid bhur bpeacaí;sibhse a chiapann na fíréin, a ghlacann an bhreab,a chaitheann an dearóil ar leataobh sa gheata.
13 Ní aon ionadh go bhfanann an fear críonna ina thost ar uair mar seo; mar is olc an uair atá ann.
14 Iarraigí an mhaith in áit an oilc,ionas go mairfidh sibh,agus go mbeidh an Tiarna, Dia na Slua, libh dáiríremar a mhaíonn sibh atá sé.
15 Bíodh fuath agaibh don olc agus grá don mhaith;cuirigí an ceart i bhfeidhm sa gheata;agus b'fhéidir go nglacfaidh an Tiarna, Dia na Slua,trua ar iarmhar Iósaef.
16 Dá bhrí sin is mar seo a deir an Tiarna, Dia na Slua, an Tiarna:Beidh caoineadh i ngach cearnóg baileagus mairgneach i ngach sráid: “Ochón, ochón.”Glaofaidh siad na feirmeoirí chun mairgníagus an t‑aos caointe chun olagóin,
17 agus beidh caoineadh sna fíonghoirt go léir,óir rachaidh mise thart in bhur measc,a deir an Tiarna.