18 Is mairg daoibh atá ag tnúth le lá an Tiarna.Cad é lá an Tiarna daoibh?Is dorchadas é agus ní solas;
19 mar dhuine a d'éalódh ó leonach gur bhuail béar leis;nó mar dhuine a rachadh isteach ina theachagus a leagfadh a lámh ar an mballaach gur rug nathair nimhe air.
20 Nach dorchadas é lá an Tiarna agus ní solas,nach duibheagán é gan dealán ar bith ann?
21 Is fuath liom agus is beag orm bhur bhféilte;ní bhainim aon sult as bhur gcomhthionóil shollúnta.
22 Bíodh go n‑ofrálann sibh bhur n‑íobairtí dóite agus bhur n‑íobairtí bia,ní ghlacfaidh mé leo;agus diúltóidh mé d'íobairtí síochána bhur mbeithíoch méith.
23 Tógaigí uaim torann bhur n‑amhrán;ní éistfidh mé le ceol bhur gcruiteanna.
24 Ach go rithe an fhíréantacht mar uisceagus an t‑ionracas mar shruth gan dísc!