19 mar dhuine a d'éalódh ó leonach gur bhuail béar leis;nó mar dhuine a rachadh isteach ina theachagus a leagfadh a lámh ar an mballaach gur rug nathair nimhe air.
20 Nach dorchadas é lá an Tiarna agus ní solas,nach duibheagán é gan dealán ar bith ann?
21 Is fuath liom agus is beag orm bhur bhféilte;ní bhainim aon sult as bhur gcomhthionóil shollúnta.
22 Bíodh go n‑ofrálann sibh bhur n‑íobairtí dóite agus bhur n‑íobairtí bia,ní ghlacfaidh mé leo;agus diúltóidh mé d'íobairtí síochána bhur mbeithíoch méith.
23 Tógaigí uaim torann bhur n‑amhrán;ní éistfidh mé le ceol bhur gcruiteanna.
24 Ach go rithe an fhíréantacht mar uisceagus an t‑ionracas mar shruth gan dísc!
25 Ar thairg sibh íobairtí agus ofrálacha domar feadh an daichead bliain san fhásach, a theach Iosrael?